Forléargas ar an gCúrsa

Tá an cúrsa seo á chur ar fáil ar mhaithe leo siúd ar spéis leo oiliúint i ngnéithe de Léann an Aistriúcháin a chuirfeadh ar a gcumas scileanna aistriúcháin a fheidhmiú go gairmiúil, in earnálacha éagsúla.

Deis iontach atá ann cáilíocht ag leibhéal 9 a bhaint amach sa réimse seo tríd an bhfoghlaim chumaisc.

Iarratais agus roghnúchán

Iarratas a dhéanamh: Féach ar https://nuigalway.elluciancrmrecruit.com/Apply/Account/Login 

Eolas faoi na teagascóirí

Foghlaim chumaisc atá i gceist: meascán de ranganna ar líne agus sé cinn de cheardlanna lae (ar an Satharn) ar champas na hOllscoile i nGaillimh.

Feileann an cur chuige seo thar cionn do dhaoine atá ag obair go lánaimseartha nó go páirtaimseartha; ciallaíonn sé freisin gur féidir le daoine in aon áit thart timpeall na hÉireann agus níos faide i gcéin páirt a ghlacadh sa chúrsa.

Riachtanais agus measúnú

Bunchéim 2:2 (leibhéal 8), nó 2:2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar.