Course Overview

Is céim í seo sa Ghaeilge Fheidhmeach. Tá sí á tairiscint i gcomhpháirt ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus ag Roinn na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Is é seo an t-aon chlár dá leithéid in Éirinn ina bhfuil céim sa Ghaeilge á tairiscint trí mheán na foghlama cumaiscthe. Is é aidhm na céime spéis an mhic léinn i léann agus i saol na Gaeilge a mhúscailt agus a threisiú agus oiliúint ar ardchaighdeán a chur ar an mac léinn sna réimsí seo. Beidh modh seachadta an chúrsa solúbtha ionas nach gcuirfear ualach míréasúnta taistil ar dhaoine.

Leathanach Facebook: https://www.facebook.com/BAGaeilgeFheidhmeach/

Applications and Selections

Is féidir leat iarratas a dhéanamh go luath.

Who Teaches this Course

Requirements and Assessment

Beidh ar mhic léinn freastal ar cheardlanna míosúla ar phríomhchampas na hOllscoile (tráthnóna Dé hAoine agus/nó Dé Sathairn). Caithfidh mic léinn a bheith páirteach i ndíospóireachtaí agus fóraim phlé ar líne i rith na bliana acadúla uilig. Measúnófar na modúil uilig ar bhonn aonarach. De ghnáth bunófar na measúnaithe seo ar imeachtaí i rith an mhodúil chomh maith le haiste nó togra scríofa ag deireadh an tseimeastair.

Key Facts

Entry Requirements

Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. Beidh grád C3 (ardleibhéal) sa Ghaeilge riachtanach. Sásaíonn sé sin gnáthriachtanais iontrála na hOllscoile. Is féidir le hiarratasóirí a bhíonn os cionn 21 bliain d’aois ar an 1 Eanáir den bhliain iontrála, iarratas a dhéanamh mar fhoghlaimeoirí lánfhásta. Sa chás seo, ní gá go mbeadh an Ardteist riachtanach. Cuirfear iarratasóirí faoi agallamh agus bunófar an toradh ar chumas cumarsáide an iarratasóra san agallamh sin.

   

Additional Requirements

Recognition of Prior Learning (RPL)

Duration

Cúrsa páirtaimseartha thar cheithre bliana

Next start date

Meán Fómhair 2019

A Level Grades ()

Average intake

60

QQI/FET FETAC Entry Routes

Closing Date
NFQ level

(Leibhéal Dioplóma): 7, (Leibhéal Céime): 8

Mode of study

ECTS weighting

180

Award

CAO

Course code

Course Outline

Bliain 1: Cruinneas na Gaeilge (10ECTS); Scileanna Staidéir (5ECTS); An Prós Comhaimseartha (5ECTS); Stair na Meán Gaeilge (5ECTS); Caitheamh Aimsire agus Siamsaíocht na nDaoine (5ECTS); An Ghaeilge i saol na tíre (5ECTS); Uirlisí an Aistriúcháin agus na Téarmaíochta (5ECTS); An Scríbhneoireacht Acadúil (5ECTS).

Bliain 2: Cruinneas na Gaeilge (15ECTS); Litríocht chomhaimseartha na Gaeilge 1 & 2 (10ECTS); Staidéar na Meán Comhaimseartha (5ECTS); Na hEalaíona Traidisiúnta (5ECTS); Stair an Aistriúcháin (5ECTS); Forbairt Phobail (5ECTS).

Bliain 3: Cruinneas na Gaeilge (15ECTS); Litríocht thraidisiúnta na Gaeilge 1 & 2 (10ECTS); Aistriúchán Feidhmeach Téacsanna 1 & 2 (10ECTS); Dlí, Eiticí agus an Córas Poiblí (5ECTS); Teicneolaíochtaí na Meán (5ECTS).

Bliain 4: Cruinneas na Gaeilge (15ECTS); Litríocht na hImirce (5ECTS); Eagarthóireacht agus Léamh Profaí (5ECTS); An Scéalaíocht Dhigiteach agus an Iriseoireacht Ilmheáin (5ECTS); An tSochtheangeolaíocht (5ECTS); Togra taighde (10ECTS).


Déanfar an clár a theagasc trí fhoghlaim chumaisc ar bhonn modúlach. Tabharfar deis d’fhoghlaimeoirí a gclár ama agus a n-ualach oibre a chur in oiriúint dá stíl mhaireachtála agus d'aon tiomantais eile a bheidh orthu ó thaobh ama de. Cuirfear ábhar priontáilte agus ábhar ar líne ar fáil do gach modúl. Tabharfaidh na teagascóirí tacaíocht agus aiseolas dóibh ag seisiúin éagsúla aghaidh-ar-aghaidh. Tabharfaidh siad tacaíocht agus aiseolas ar líne freisin trí úsáid a bhaint as ríomhphost agus fóraim phlé mar mhalairt air sin.

Na hionaid ina mbeidh na ranganna teanga ar siúl go seachtainiúil (ag brath ar éileamh):

  • Campas na hOllscoile, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
  • Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe.
  • Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Páirc Ghnó an Údaráis, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall.
  • Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Carna, Co. na Gaillimhe.
  • Inis.
  • Cora Droma Rúisc.
  • Caisleán an Bharraigh.
  • Ráth Chairn.
  • Béal Feirste.
  • Baile Átha Cliath.
  • Ciarraí.
  • Ceatharlach.

Why Choose This Course?

Career Opportunities

Téann céimithe le Gaeilge ag obair i réimse leathan post, ina measc:

  • Múinteoireacht
  • An earnáil phoiblí, an earnáil ghnó
  • An Státseirbhís, An Roinn Gnóthaí Eachtracha
  • Riarachán áitiúil
  • Na meáin chumarsáide – TG4, Raidió na Gaeltachta
  • Eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta
  • Margaíocht agus cumarsáid
  • Aistriúchán

Who’s Suited to This Course

Learning Outcomes

Transferable Skills Employers Value

Work Placement

Study Abroad

Related Student Organisations

Course Fees

Fees: EU

€3,055 sa bhliain 2019/20

Fees: Tuition

Fees: Student levy

Fees: Non EU

€3,555 sa bhliain 2019/20

Táille in aghaidh an mhodúil (5 ECTS) - €340

Find out More

Éamon Ó Cofaigh
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Gaillimh
T: +353 91 493802
R: eamon.ocofaigh@oegaillimh.ie

Fiona de Paor
Roinn na Gaeilge
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Gaillimh
T: +353 91 492564
R: fiona.depaor@nuigalway.ie